Fuair sé iasacht £10 agus d’imigh sé go hAlbain ar bhád Dhoire. Cur síos ar mar a fuair sé ar aghaidh ansin. Bhí cúpla fear eile leis. Thosaigh sé ag obair sna tolláin in Killin ar feadh 18 mí. Bhí a dheartháir féin ina bhas seifte ‘shift boss’ agus fuair sé obair ins an tallán, £15 sa tseachtain ar sheift dhá uair déag. Bhí obair chrua acu ón 7 ar maidin go dtí an 7 tráthnóna agus a mhalairt.